Na hoifigí idirchaidrimh i do thír 

Tá Oifigí Idirchaidrimh (EPLOanna) ag Parlaimint na hEorpa i bpríomhchathracha AE, chomh maith le hoifig réigiúnach i gcathair atá ábhartha go réigiúnach sna Ballstáit is mó daonra, agus níos faide ó bhaile. Tá Oifig Idirchaidrimh aici in Washington DC freisin.

Tá oifigí idirchaidrimh freagrach as gníomhaíochtaí cumarsáide institiúide a chur chun feidhme ar bhonn náisiúnta agus áitiúila, agus tá sé mar sprioc deiridh acu a áirithiú go bhfuil tuiscint sách maith ag na saoránaigh ar an tábhacht a bhaineann le Parlaimint na hEorpa chun páirt a ghlacadh i bpróiseas daonlathach an Aontais Eorpaigh.

Téann na hoifigí idirchaidrimh i dteagmháil le saoránaigh agus le grúpaí leasmhara ón sochaí shibhialta; déanann siad teagmhálacha a bhainistiú leis na meáin náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla; agus cuireann siad tacaíocht ar fáil d'Fheisirí Pharlaimint na hEorpa i bhfeidhmiú a sainorduithe oifigiúla sna Ballstáit.

Léarscáil na nOifigí Idirchaidrimh 

 
Liaison offices in your language 
Other Liaison offices 
 

Teagmháil a dhéanamh leis na saoránaigh 

Téann na hoifigí idirchaidrimh i dteagmháil leis an bpobal áitiúil agus cuireann siad eolas ar fáil maidir lena bhfuil i gceist le Parlaimint na hEorpa, le cad a dhéanann sí agus cad dó a sheasann sí.


Déanann siad é sin ar na bealaí seo a leanas:

  • Líonra de shaoránaigh a bhfuil suim acu in obair na Parlaiminte a chruthú, a mhéadú agus a spreagadh;
  • Feachtais chumarsáide a reáchtáil, lena n-áirítear imeachtaí agus taispeántais;
  • Feasacht a mhúscailt agus díospóireacht a chur chun cinn faoi dhaonlathas parlaiminteach san Aontas Eorpach;
  • Ról Pharlaimint na hEorpa a chur in iúl agus iarrataí ar fhaisnéis a fhreagairt.

Teagmháil a dhéanamh leis na meáin 

Cuireann na hoifigí idirchaidrimh nuacht, díospóireachtaí agus cinntí an Aontais ar fáil go réamhghníomhach do na meáin náisiúnta, réigiúnacha, áitiúla agus speisialaithe.


Déanann siad é sin ar na bealaí seo a leanas:

  • Cúnamh a thabhairt d’iriseoirí ina gcuid oibre agus iad a chur ar an eolas faoi thionchar sainchomhad reachtaíochta Eorpach;
  • Seimineáir a eagrú d’iriseoirí, agus cuireadh a thabhairt dóibh tuairisciú faoi ghníomhaíochtaí na seisiún iomlánach;
  • Deiseanna a chruthú do na Feisirí labhairt leis sna meáin náisiúnta, réigiúnacha agus speisialaithe;
  • Monatóireacht a dhéanamh ar mhíchruinnis agus nuacht míthreorach faoi Pharlaimint na hEorpa, agus iad a bhréagnú.
 

Teagmháil a dhéanamh leis an sochaí shibhialta agus iolraitheoirí 

Tá údaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla san áireamh leis an sochaí shibhialta chomh maith le líonraí, cumainn, múinteoirí, scoileanna, ollscoileanna, meithleacha machnaimh, agus eagraíochtaí earnálacha, comhlachtaí AE, etc. Déanann na hoifigí idirchaidrimh caidrimh le páirtithe leasmhara straitéiseacha a fhorbairt agus a chothú. Is iad na spriocanna ná dul i mbun idirphlé leo agus a áirithiú go bhfuil siad ar an eolas faoi thuarascálacha reachtaíochta Pharlaimint na hEorpa a mbíonn tionchar acu ar a n¬-earnálacha.


Déanann siad é sin ar na bealaí seo a leanas:

  • Díospóireachtaí faoi reachtaíocht Eorpach agus faoi obair reachtach na bhFeisirí a chur chun cinn;
  • A áirithiú go bhfaigheann páirtithe leasmhara eolas spriocdhírithe faoi réimsí ar ábhar imní sonrach iad dóibh;
  • Obair le múinteoirí agus eagraíochtaí acadúla agus trí acmhainní oideachais a chur ar fáil;
  • Dul i gcomhairle le húdaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla sna Ballstáit.
 

Cúraimí eile 

  • Tugann na hoifigí idirchaidrimh tacaíocht do chuairteanna ó Fheisirí a bhfuil ról institiúideach ag baint leo, do thoscaireachtaí agus maidir le turais ghnó oifigiúla ón bParlaimint.
  • Comhoibriú le hIonadaíochtaí an Choimisiúin agus le hIonaid Faisnéise Europe Direct sa tír chéanna.