Cur i láthair
Is grúpaí oifigiúla de FPEnna (Feisirí de Pharlaimint na hEorpa) iad toscaireachtaí Pharlaimint na hEorpa a dhéanann cúram den chaidreamh le parlaimintí de chuid tíortha, réigiúin nó eagraíochtaí nach den Aontas iad agus a neartaíonn an caidreamh sin.
Ar an mbealach sin, feidhmíonn toscaireachtaí mar phríomhnasc idir an Pharlaimint agus forais reachtacha eile, sa bhaile agus thar lear.
Agus iad ag obair i gcomhar le coistí na Parlaiminte agus le FPEnna chun tacú leis an daonlathas agus le cearta an duine lasmuigh de theorainneacha AE, daingníonn toscaireachtaí seasaimh Pharlaimint na hEorpa.
Trí thaidhleoireacht pharlaiminteach a fheidhmiú i bplé rialta, déanann na toscaireachtaí an tAontas a chur chun cinn go ginearálta agus spreagann siad a gcomhpháirtithe le meas a bheith acu ar luachanna agus leasanna AE.
Cruinnithe idirpharlaiminteacha
Eagraíonn toscaireachtaí cruinnithe idirpharlaiminteacha le hionadaithe tofa ó lasmuigh de AE. Tugann sé sin deis do na comhpháirtithe saincheisteanna a phlé i láthair a chéile.
Tionóltar na cruinnithe sin faoi dhó sa bhliain de ghnáth agus maireann siad cúpla uair an chloig nó cúpla lá.
Bíonn malartú i gceist le hionad na gcruinnithe: le haghaidh cruinniú amháin, taistealóidh na Feisirí go parlaimint eile lasmuigh de AE; don chéad chruinniú eile, tabharfaidh an toscaireacht ó AE cuireadh do na haíonna go Parlaimint na hEorpa.
Nuair a thaistealaíonn na Feisirí amach as AE le haghaidh na gcruinnithe sin, déanann siad iarracht freisin bualadh le daoine lasmuigh den Pharlaimint óstach agus cuairt a thabhairt ar thionscadail a fuair maoiniú ó AE.
Plé sa Bhruiséil agus in Strasbourg
Tionólann toscaireachtaí cruinnithe sa Bhruiséil agus in Strasbourg freisin, ina n-aonar nó le toscaireachtaí nó coistí eile.
Trí na cruinnithe sin, cuirtear ar chumas na dtoscaireachtaí a gclár idirpharlaiminteach a phleanáil agus an staid i dtíortha a gcomhpháirtithe a phlé.
Is minic a thugann toscaireachtaí cuireadh d'aíonna cur i láthair a dhéanamh agus tuairimí a mhalartú le FPEnna. Bíonn go leor de na hurlabhraithe ag obair d'institiúidí eile de chuid AE - go háirithe an Coimisiún Eorpach nó seirbhís taidhleoireachta AE - nó d'ambasáidí nó ollscoileanna.
Uaireanta tugann na toscaireachtaí cuireadh freisin do dhaoine nach gcloisfí a nguthanna go hiondúil: lucht an fhreasúra pholaitiúil nó an tsochaí shibhialta, mar shampla.
Na 44 bhuantoscaireacht
Tá 44 bhuantoscaireacht ag Parlaimint na hEorpa i láthair na huaire.
Socraíodh an líon sin trí chinneadh 'maidir le líon na dtoscaireachtaí idirpharlaiminteacha, na dtoscaireachtaí chuig comhchoistí parlaiminteacha agus na dtoscaireachtaí chuig na coistí um chomhar parlaiminteach agus chuig tionóil pharlaiminteacha iltaobhacha'.
Liostaítear sa chinneadh sin, a glacadh i mí Aibreáin 2019, na toscaireachtaí a mbeadh feidhm acu le linn an naoú téarma parlaiminteach (2019-2024) agus cuireadh i ngrúpaí de réir réigiún iad.
Ó théarma amháin go téarma eile, is féidir le hathrú suntasach teacht ar dháileadh na dtoscaireachtaí. Mar shampla, sa seachtú téarma parlaiminteach (2009-2014), d'oibrigh toscaireacht amháin i gcomhar leis an Albáin, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an tSeirbia, Montainéagró agus an Chosaiv. Ó lár 2014, tá na tíortha sin faoi chúram ceithre thoscaireacht ar leith.
Ag am ar bith, féadfaidh an Pharlaimint cinneadh a dhéanamh grúpaí oifigiúla FPEnna a sheoladh chuig tíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad mar fhreagra ar fhorbairtí polaitiúla, nó chun páirt a ghlacadh i gcomhdhálacha nó imeachtaí eile.
Comhdhéanamh
Bíonn an struchtúr céanna ar na toscaireachtaí ar fad: bíonn Cathaoirleach amháin agus beirt Leas-Chathaoirleach ann, a bhíonn tofa ag comhaltaí na toscaireachta.
Ainmníonn grúpaí polaitiúla na Parlaiminte comhaltaí ar fad na toscaireachta agus is léiriú é comhdhéanamh gach toscaireachta ar chóimheá pholaitiúil na Parlaiminte ina hiomláine.
Is comhalta de bhuantoscaireacht gach uile FPE. Is comhalta de níos mó ná buantoscaireacht amháin cuid acu.
Is iondúil gurb iad na toscaireachtaí is mó ná na toscaireachtaí a bhíonn rannpháirteach i dtionóil pharlaiminteacha a dtagann roinnt parlaimintí le chéile iontu.
Mar shampla, tá 78 FPE i dtoscaireacht Pharlaimint na hEorpa chun an fhóraim leathbhliantúil a thugann le chéile na parlaimintí ar fad de chuid Ghrúpa na Stát san Afraic, sa Mhuir Chairib agus san Aigéan Ciúin (ACC).
Ní gnách toscaireacht a bheith chomh mór leis sin, áfach. Tá 20 comhalta nó níos lú i bhformhór thoscaireachtaí na Parlaiminte. Ní bhíonn ach 8 gcomhalta ar na toscaireachtaí is lú.
Rialacha
Ní mór do na toscaireachtaí cloí le rialacha dochta atá leagtha síos i roinnt doiciméad agus cinntí oifigiúla.
Tá dhá riail ó Rialacha Nós Imeachta oifigiúla na Parlaiminte dírithe ar thoscaireachtaí. Ina theannta sin, tá feidhm ag go leor rialacha maidir le coistí i dtaca le toscaireachtaí freisin.
Leagadh amach roinnt nósanna imeachta sa chinneadh is déanaí ó Pharlaimint na hEorpa maidir le líon na dtoscaireachtaí. Sa chinneadh sin, sonraítear na bealaí inar cheart do choistí agus toscaireachtaí comhordú a dhéanamh, agus baineann an comhordú sin freisin le nuair a bhíonn siad ag taisteal.
Tá na rialacha is leithne do thoscaireachtaí i ndoiciméad oifigiúil ar a dtugtar 'Forálacha cur chun feidhme lena rialaítear obair na dtoscaireachtaí agus misin lasmuigh den Aontas Eorpach'.
Leagtar amach aidhm ghinearálta thoscaireachtaí na Parlaiminte sa téacs seo: 'teagmhálacha le parlaimintí na Stát ar comhpháirtithe traidisiúnta iad de chuid an Aontais Eorpaigh a choinneáil agus a fheabhsú agus [...] na luachanna ar a bhfuil an tAontas Eorpach fothaithe [...] a chur chun cinn'.
Cuirtear síos freisin sna forálacha ar an mbealach inar cheart do thoscaireachtaí na Parlaiminte meas a léiriú ar sheasaimh agus caighdeáin na Parlaiminte.
Mínítear in airteagail eile cé hiad na FPEnna a bhfuil cead acu dul ar thurais lasmuigh de AE. Chun na costais a choinneáil íseal, cuirtear srian le líon na rannpháirtithe agus bíonn cead roimh ré ag teastáil i gcás gach turais.
Caidreamh le coistí
Tá trí choiste iomlána agus dhá fhochoiste ag Parlaimint na hEorpa atá dírithe ar ghníomhaíochtaí lasmuigh de AE ('gníomhaíocht sheachtrach'). Tá caidreamh pribhléideach ag na coistí sin leis na toscaireachtaí.
Coimeádann na coistí agus na toscaireachtaí a chéile ar an eolas faoina gcuid cruinnithe agus faoin bplé a bhíonn acu agus cuireann siad cuireadh chuig comhaltaí a chéile a bheith bainteach lena gcuid imeachtaí agus sainchúraimí, agus tugtar an cuireadh sin freisin chuig imeachtaí a bhíonn ar siúl nuair a bhítear ag taisteal lasmuigh de AE.
As na coistí éagsúla atá ann, tá an ról is tábhachtaí ag an gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha (AFET) ó thaobh na dtoscaireachtaí de. Comhordaíonn an coiste sin na toscaireachtaí agus soláthraíonn sé formhaoirsiú polaitiúil dóibh - ní hamháin do bhuantoscaireachtaí, ach do na FPEnna ar fad a thaistealaíonn go tíortha lasmuigh de AE ar ghnó oifigiúil na Parlaiminte.
Déanann an Coiste um Thrádáil Idirnáisiúnta (INTA) idirchaidreamh leis na toscaireachtaí ar fad nuair a bhaineann an clár le saincheisteanna eacnamaíocha nó trádála idirnáisiúnta. Tá an toscaireacht atá dírithe ar Chomhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche CARIFORUM bainteach go dlúth le INTA.
Ar deireadh, comhordaíonn an Coiste um Fhorbairt (DEVE) na toscaireachtaí a thugann aghaidh ar shaincheisteanna forbartha. Is í an toscaireacht chun Ghrúpa Stát ACC ceann de mhórán toscaireachtaí a bhíonn ag obair le DEVE.
Sula mbíonn cruinniú ag aon toscaireacht le hionadaithe tofa ó lasmuigh de AE, molann na coistí na hábhair pholaitiúla a d'fhéadfaidís a phlé, nó ar cheart dóibh a phlé. Tar éis an chruinnithe, tuairiscíonn cathaoirleach na toscaireachta ar ais chuig AFET.
Ag díriú ar dhaonlathas agus ar chearta an duine
Bíonn an Grúpa Comhordaithe um Dhaonlathas agus Toghcháin (DEG) i bParlaimint na hEorpa páirteach san obair a bhíonn ar bun ag go leor toscaireachtaí. Déanann an comhlacht sin, faoi cheannas Chathaoirligh Choistí AFET agus DEVE, maoirseacht ar iarrachtaí na Parlaiminte an daonlathas agus cearta an duine lasmuigh de AE a neartú.
Is é ceann de na príomhghníomhaíochtaí a bhíonn ar bun ag an ngrúpa ná misin breathnóireachta toghchán a eagrú.
Idir 10 n-uaire agus 12 uair sa bhliain, taistealaíonn FPEnna go tíortha lasmuigh de AE chun breathnóireacht a dhéanamh ar na próisis vótála. Cuireann an taithí atá acu mar ionadaithe tofa inchreidteacht pholaitiúil lena gcuid meastóireachtaí.
Tá sé mar aidhm ag tionscnaimh eile atá faoi mhaoirsiú DEG cabhrú le parlaimintí i dtíortha nach de AE iad éirí níos láidre agus a n-acmhainneacht iomlán a bhaint amach.
'Cairdeas' agus grúpaí neamhoifigiúla eile
Ó am go ham cruthaíonn FPEnna grúpaí neamhoifigiúla chun an caidreamh le tíortha nach de AE iad a phlé.
Ní eagraíochtaí oifigiúla de chuid Pharlaimint na hEorpa iad na 'grúpaí cairdis' sin, atá urraithe ag brústocairí nó rialtais eachtrannacha.
Má thaistealaíonn na grúpaí sin thar lear, níl aon stádas oifigiúil acu, agus, mar sin, ní chuireann oifigí áitiúla AE an cúnamh a chuireann siad ar fáil do bhuantoscaireachtaí ar fáil dóibh. Ní oibríonn na grúpaí sin i gcomhar le coistí agus ní féidir leo labhairt thar ceann na Parlaiminte.
Tá oibleagáid ar na FPEnna a ghlacann páirt sna grúpaí sin a bheith trédhearcach maidir lena stádas agus gan cur isteach ar obair chomhlachtaí oifigiúla na Parlaiminte.
Presentation and responsibilities
Accordingly, delegation activities shall, on the one hand, be aimed at maintaining and enhancing contacts with parliaments of States that are traditionally partners of the European Union and, on the other hand, contribute to promoting in third countries the values on which the European Union is founded, namely the principles of liberty, democracy, respect for human rights and fundamental freedoms, and the rule of law (Article 6 of the Treaty on European Union).
Parliament's international contacts shall be governed by the principles of public international law.
Parliament's international contacts shall be aimed at fostering, wherever possible and appropriate, the parliamentary dimension of international relations.
(Article 3, principles governing delegation activities adopted by the Conference of Presidents on 29 October 2015)